Gaeilge 24
Ar an 15ú Samhain 2022, reachtáladh 'Gaeilge 24' sa scoil don chéad uair. Is dúshlán 24 uair atá anseo, glacann scoláirí agus múinteoirí leis an dúshlán seo agus déanann siad iarracht an Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig.
De bharr gur í seo an chéad bhliain sa scoil, níor ceapadh go mbeadh an oiread suime is a bhí sa dúshlán. Ghlac os cionn 100 duine, idir mhúinteoirí agus scoláirí páirt sa lá seo, ár bpríomhoide san áireamh.
Leagadh amach clár ama imeachtaí don lá seo. Bhí an chéad agus an dara bliain sa leabharlann ón 9-11 agus thosaigh an mhaidin le rang aclaíochta beo ar líne. Dhúisigh sé seo gach duine agus chuir sé na matáin ag obair. Tar éis an ranga seo ansin, d'fhéach na daltaí ar an scannán cáiliúil, An Cailín Ciúin'.🎬
I ndiaidh am sosa ansin, bhí an tríú agus an ceathrú bliain sa leabharlann agus an chéad rud a rinne siad ná Tráth na gCeist beo le Foras na Gaeilge. Ghlac os cionn 1,000 dalta ar fud na tíre páirt anseo. Bhí an- chraic ag na scoláirí agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tseisiúin.📝
Mhúin cúpla dalta an damhsa, An Dreoilín dúinn ar fad agus bhí an-spraoi againn ag damhsa istigh sa leabharlann. 👯
Bhí an lá seo taitneamhach, rathúil, spreagúil agus fiúntach do gach duine a bhí páirteach.
Is fada linn go ndéanfaidh muid arís é an bhliain seo chugainn. An Ghaeilge Abú!! 🍀