Ag tús na scoilbhliana seo caite, bunaíodh an club Gaeilge, 'Ciorcal Cainte' sa scoil. Tá an club seo dírithe ar dhaltaí ón gcéad bhliain suas go dtí na daltaí sa tríú bliain.
Bíonn an club ar siúl gach Luan ag am lóin i seomra 18. Is deis atá anseo do na daltaí Gaeilge a fhoghlaim, a labhairt, cairde a dhéanamh agus tá neart cluichí boird ar fáil ag an gclub seo mar shampla Monoply, Cluedo agus a lán eile.
Tá an club seo feiliúnach do gach leibhéal Gaeilge agus tá fáilte roimh gach duine.🍀