Gaeilge 24- 15/11/22
Don chéad uair riamh tá Scoil Phobail an Chlocháin cláraithe don dúshlán 'Gaeilge 24' 🍀
Is éard atá anseo ná go mbíonn ar na daltaí iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair; sa scoil, sa siopa, sa bhaile agus aon áit eile gur féidir leo.
Is í an fholláine téama an lae i mbliana.
Beidh sé seo ar siúl go náisiúnta ar an 15ú de mhí na Samhna, Dé Máirt. Tá os cionn 80 dalta cláraithe go dtí seo 🥳
Bí ag faire amach le haghaidh níos mó pictiúir! Is cinnte go mbeidh an-lá ag gach duine a bheidh ag glacadh páirte anseo.
Mar a deirtear 'Beatha teanga í a labhairt'.