Comhghairdeas ó chroí le Breandán Seoighe (6ú Bliain) a bhuaigh an chéad áit in Éirinn sa chomórtas Damhsa ar an Sean-Nós (daoine fásta) ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne Dé Sathairn. Bronnadh Corn TG4, bonn airgid agus seic €1,000 air.
Comhghairdeas freisin le Méadhbh Ní Néill (3ú Bliain) a chuaigh chomh fada leis an mbabhta ceannais sa chomórtas faoi 18. Bhí an bheirt acu le feiceáil ag damhsa beo ar TG4 Dé Sathairn. Tá muid an-bhródúil astu.