Thosaigh an club 'Plé agus Tae' sa scoil an bhliain seo caite. Sa chlub seo faigheann daltaí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus cur lena stór focal sa teanga.
Tá an club seo dírithe ar dhaltaí ón gceathrú bliain go daltaí na séú bliana. Níl aon bhrú leis an gclub seo agus is féidir le daltaí freastal ar an gclub agus éisteacht leis an gcómhrá.
Bíonn téama nó topaic faoi leith ann gach seachtain agus tá an clár ama le fáil i seomra Ms Ní Chormaic. Clúdaítear na topaicí ar fad don scrúdú cainte agus faigheann gach scoláire deis labhartha gach seachtain.
Más maith leat do chuid Gaeilge a fheabhsú, tar isteach go seomra 18 gach Déardaoin.
Mar a deir an seanfhocal, 'Beatha teanga í a labhairt'.