Bhí lá den scoth againn ar fad inné sc scoil go Gaeilge 24, dúshlán náisiúnta ina ndéanann daltai agus múinteoirí iarracht an Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig.🍀
Thosaigh an mhaidin le seisiúin HITT trí Ghaeilge, ansin ghlac muid páirt sa Tráth na gCeist beo a d'eagraigh Conradh na Gaeilge. Tar éis am lóin ansin, bhí scileann spóirt againn taobh amuigh. Tháinig TG4 freisin chun taifead a dhéanamh ar an lá agus bhí na daltaí ar bís!!
Ghlac os cionn 80 dalta agus 18 ball foirne páirt ann agus é ag dul ó neart go neart chuile bhliain.
Míle buíochas do Ms Conroy agus Ms Ní Chormaic as ucht an lá a eagrú do na daltaí!.
Tá muid ag siúl go mór leis an mbliain seo chugainn!