Don chéad uair riamh, eagraíodh turas Gaeilge do dhaltaí na hIdirbhliana inniu. D'fhág siad an scoil ar maidin agus thug siad cuairt ar Theach an Phiarsaigh i Rosmuc. Tugadh óráid i nGaeilge dhóibh anseo agus bhí deis acu féachaint timpeall ar an ionad cultúrtha. Chonaic siad an teach inar fhan Pádraig Mac Piarais go minic freisin.
Ina dhiaidh seo, chuaigh siad siar go Carna i gcomhair lóin. Bhí an lá go hálainn, bhí an an ghrian ag taitneamh agus bhí chuile dhuine sásta.
Míle buíochas le Ms Keating, a d'eagraigh agus na múinteoirí a chuaigh leo- Ms Meehan, Ms Lee agus Ms Mc Carthy.