Dé Luain 30ú Eanáir 2023
Bronnadh teastais ar rang CSPE/OSSP Ms Ní Chormaic inné. D'éirigh leis an rang aonad do churaclam OSSP a fhoghlaim as Gaeilge thar thréimhse ocht seachtaine.🍀
Cuireadh tús leis an gcur chuige seo roimh na Nollag, agus bhí na scoláirí lán toilteanach páirt a ghlacadh. D'fhoghlaim siad faoin ábahr 'Cearta Daonna' agus an stair a bhaineann leis na cearta sin, an méid cearta atá ann agus na cinn is mó a sháraítear. Rinne siad go leor obair ghrúpa agus tionscnamh le linn an tréimhse ocht seachtaine.
Féach ar na haghaidheanna sásta sin agus iad tar éis an tasc a chomhlíonadh. Mar cheiliúradh ar an éacht atá bainte amach acu- breathnóidh siad ar an scannán 'An Cailín, Ciúin' (an chéad scannán Gaeilge atá tar éis ainmniúchán Oscar a fháil 🎉)an tseachtain seo chugainn.